irish
Home About programme Booking Guides getinvolved  
Media
Spionsors
Contact

Fáilte

ourtown

 

 

 

 

 

 

Fáiltíonn comhairleoirí Chomairle chontae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin,An Cathaoirleach agus Bainisteoir an Chontae Eoin ó Ciagáin thú go Dún Laoghaire chuig an 8ú Féile de Chultúir na Cruinne

Féile millteach mór na n-ealaín agus cultúir.

800 ealaíontóir, 600 páirteach agus 350 deonaithe ó os cionn 80 tír ag teacht go Dún Laoghaire le haghaidh Carnabhal iontach domhanda ar an deireadh seachtaine, san áireamh beidh 150 imeacht agus léiriú i ngach cineál ionad ar fud an bhaile.

Fógrraíodh sonraí ceolchoirmeacha mhóra na Féile ar na mallaibh. Tabharfaidh an fhoireann iontach ceoltóirí domhanda seo taispeántas ag dlúthláithreáin shainiúla Séipéal Bhaile na Manach, Amharclann an Pavilion agus an Lochta ag an  ‘Purty Kitchen.

Fógrófar clár gach imeacht eile ar an Aoine 18 Iúil. Sonraí thall.    

Bí freagrach – Tacaigh linn, le do thoil , agus bíodh meas agat ar iad seo a leanas…

Deochanna Mheisciúla

Ní ceadaítear deochanna mheisciúla a ól ar bhall áitribh gan ceadúnas agus déanfaidh na Gardaí Síochána agus na heagraithe gach iarracht na fodhlí seo a chur i bhfeidhm. I measc na n-ionad sin tá: Príomhardán Baile Nua an Ghabha, An Pháirc Poiblí, Ionad an Chuain agus an Caladh.Tá sé in aghaidh an dlí deochanna mheisciúla a ól ar na sráideanna de ló is d’oíche freisin.

Iompar ‘Frith Shóisialta’

Ná bí glórach nó clamprach, le do thoil.Agus tú ag fágáil ball áitribh ceadúnaithe san oíche, bí freagrach le do thoil. Ní chun sochair dúinn bailiúchán clamprach ar bith go mall san oíche(cuma cén spraoi atá á bhaint agat astu!)Tabhair faoi deara gur ar bhaile cónaithe atá an féile ag tarlú. Cuirfidh iompar frith shóisialta todhchaí an fhéile i mbaol.

Athchúrsáil agus Bruscar

Oibríonn an Féile go dian le smacht a choimeád ar bhruscar i gcaitheamh an deireadh seachtaine. Tá gá againn le tacaíocht uaitse,áfach. Agus diúscairt dhrámhaíle 250,000 duine sa tmpeall, is mór an rud é Dún Laoghaire a choimeád néata a ghlacadh ort féin.Tacaigh linn san iarracht againn drámhaíl a laghdú. Iarrtar ort,le do thoil, gan bruscar a fhágáil I do dhiaidh riamh. Mura bhfuil bosca bruscair in aice leat, nó má tá an ceann is gaire dhuit lán, coimeád do bhruscar, le do thiol, go bhfeicfidh tú ceann- cuirtear boscaí bruscair athchúrsála ar fáil, bí freagrach agus úsáid iad.

Spreagaimíd gach trádálaí a úsáideann coimeadánaithe indiúscartha chun táirgithe éiceo-cháirdiúil a cheannach, tá an liosta seo ar fáil mar chuid d’fhoirm iarratais na dTrádálaithe .www.dlrtourism.com

Trádáil Mídhleathach

Tabhair faoi deara, le do thoil go bhfuil sé in aghaidh an dlí a bheith ag trádáil nó a bheith ag déanamh ceoil ar an tsráid I rith na féile gan ceadúnas. Tá tuilleadh eolais le fáil ach féachaint ar Margaidh/ TrádálaitheCeoltóirí Sráide

“Taisteal an Bealach Glas” agus laghdaigh ar bhrú na tráchta
Tá cur amach ag cách sa lá atá inniu ann ar an timpeallacht. Ba mhaith le Féile Chultúir na Cruinne daoine a spreagadh le theacht ar an ‘mBealach Glas’.Bain úsáid,le do thoil, as gréasán chuimsitheach taistil phoiblí Dhún Laoghaire. Cuirfear seirbhísí breise, ina measc bus ‘Nasc Oíche’ go mall san oíche ar fáil i rith dheireach seachtaine na féile a bhuíochas sin do Bhus Átha Cliath agus don DART. Féach sceideal na seirbhísí.

Fúinn

Faoin bhFéile

“Le dúchas claiseacach,digiteach,traidisiúnta, leictreach agus treibhe, cuireann Féile Chultúir na Cruinne clár chuimsitheach de cheolchoirmeacha agus clubanna oíche, aonaigh agus margaidh, léirithe, imeachtaí sráide, ceardlainn agus go leor eile nach iad ar fáil …… an chéad Carnabhal Cruinne in Éirinn!”

Cuireann an Féile roimpi sraith ceolchoirmeacha de cheol domhanda a chur ar fáil ar féidir le cách freastal orthu i ndlúthláithreáin úra agus áitiúla agus agus freisin clár imeachtaí atá mar a bheadh ‘pas don domhan’, cuid mhaith acu soar in aisce.

Ar siúl ar fud bhaile stairiúil Dhún Laoghaire , is féile idirnáisiúnta bliantúil í Féile Chultúir na Cruinne ag ceiliúradh éagsúlacht chultúrtha.Cuirtear an féile ar siúl I dtreo deireadh mí Lúnasa, mar chomhthárlú le deireadh seachtaine saoire bainc an RA.2009: Aoine 28-Domhnach 30 Lúnasa/2010 : Aoine 27- Domhnach 29 Lúnasa.

Trí pholasaí páirtíochta agus glacadh páirt, tugann an Féile faoi dhiriú ar lucht éisteachta nua a fhorbairt, agus léirithe inaimseatha agus imeachtaí d’idir óg agus aosta a chur ar fail.

Meon

“Eolas ar luach agus mianach sochaí ilchultúrtha a chruthú, a thabhairt le fios agus a chorrú.”

Tá sé mar aidhm ag Féile Chultúir na Cruinne cur in iúl ealaíonta agus comhtháthú pobail úra na hÉireann a chothú trí ardán le haghaidh malartú chruthaitheach chultúrtha agus cainte a chur ar fáil.

Tá sé i gceist againn taithí na n-ealaín agus léargas ar chultúr a leathnú le cur ar chumas an lucht éisteachta páirt a ghlacadh agus cur níos mó le saol comhaimseatha na hÉireann.

Ag trasnú droichid cúltúrtha, eitneach, creideamh agus sóisialta tá sé mar aidhm ag an bhFéile freagra poiblí deimhneach a thabhairt ar chomhtháthú, ag cothú meas ar éagsúlacht tríd an ealaíon agus siamsaíocht.

Na Léiritheoirí

Mar fhreagra ar athrú dhaonlathais na hÉireann agus leis an míle bliain a cheiliúradh, thosaigh Comhairle Chontae Dhún Laoghaire Ráth an Dúin Féile Chultúir na Crunne bliantúil sa bhliain 2001. Léirigh an Féile ní hamháin ról breise an údaráis áitiúil, ach glacadh le togra tógáil na bpobal.

Oibríonn oifig Fhéile Chultúir na Cruinne laisith de Roinn Cultúir, Forbartha agus Áiseanna (CCDA) Chomhairle chontae Dhun Laoghaire-Ráth an Dúin, taobh le taobh le Oifig na N-Ealaín agus Imeachtaí DLR.

Oifig na n-Ealaín.

Glactar leis taobh istigh de fhorbairt na n-ealaín leis na húdaráis áitiúla go bhfuil obair Oifig na n-Ealaín ar fheabhas. Léirítear Féile Idirnáisiúnt Filíochta,Féile Rince na n-Óg , Clár Chomhthionóil Bhunáite agus go leor eile nach iad. Maraon leis seo, chothaigh an oifig tógáil Lárionad Ealaín na n-Óg ag Stórais an Arbhair, Amharclann an Pavilion agus stiúideo Amharcalnn Rince na hÉireann ag Bloomfields. Oifig na n-Ealaín: www.dlrcoco.ie/arts

Imeachtaí DLR

Cuireann Imeachtaí DLR clár clainne bliantúil ar siúl ar fud an chontae, Féile Athnuachan, Téigh ag Scátáil, Paráid Oíche Shamhna, Seachtain an Dúchais, Picnin na dTeidí, Scannáin sa Pháirc, agus go leor eile nach iad. Imeachtaí DLR: www.dlrevents.ie

Treoirithe

Ag bogadh timpill

Tá cur amach ag cách sa lá atá inniu ann ar an timpeallacht. Ba mhaith le Féile Chultúir na Cruinne daoine a spreagadh le theacht ar an ‘mBealach Glas’.Bain úsáid,le do thoil, as gréasán chuimsitheach taistil phoiblí Dhún Laoghaire. Cuirfear seirbhísí breise, ina measc bus ‘Nasc Oíche’ go mall san oíche ar fáil i rith dheireach seachtaine na féile a bhuíochas sin do Bhus Átha Cliath agus don DART. Féach sceideal na seirbhísí.

Oifig na dTicéad

Mura bhfuil do thicéad ceannaithe ar line cheana agat don cheolchoirm , ceardlann nó imeacht áirithe sin nó mura bhfuil glaoch curtha agat ar an uimhir 01-8721122, tig leat bualadh isteach ag Oifig na dTicéad ar shuíomh:

Ofig na dTicéad ag Amharclann an Pavilion
Dé Luain18- Deardaoin 21 12 meanlae – 6 i.n.
Dé hAoine 22 agus Dé Sathairn 23 10 r.n. – 7 i.n.
Dé Domhnaigh 24 10r.n. - 7i.n.

Bothanna Eolais

I rith dheireadh seachtaine na Féile, le cinntiú dhe go mbainfidh tú an chuid is mó as taithí na Féile beidh cuirfear bothanna eoalis ar fáil timpeall ar Dhún Laoghaire. Cuma cén ceist nó fiosrúchán a bheidh agat, pé acu I ndáiríre nó fánach, déanfaimid ár sheacht ndícheall thú a fhreagairt! Ag iarraidh a fháil amach céard iad na himeachtaí atá ag tarlú, cá bhfaighfeá an tatú hina sin a bhí i gcónaí uait nó cá bhfuil an leithreas? Seo leat go dtí na bothanna eolais agus beidh gach freagra agat.
Beidh bothanna eolas suite sna háiteanna seo a leanas: Halla an Chontae/ ionad an Pavilion/An Pháirc Poiblí/ Plásóg Baile Nua An Ghabha, féach an léarscáil le tuilleadh eolais a a fháil.

Díol Earraí

Tabhair cuid den Fhéile abhaile leat! Beidh t-léinte éagsúla d’eagrán teoranta ar díol ó hionaid éagsúla timpeall ar Dhún Laoghaire I rith dheireadh seachtaine na Féile. Bíonn an-díol orthu, mar sin ná caill do sheans le lámh a leagan ar fhíor-chuimhneachán na Féile.
Áiseanna Suíomha
Clár n n-imeachtaí réidh le gur féidir leat do thaisteal a eagrú don deireach seachtaine/Clár Ama Taistil Phoiblí do dheireadh seachtaine na Féile/ Go breá, tá tú geall le bheith réidh le n-imeacht, níl uait anois ach cur amach ar na háiseanna difriúla ar an láthair I rith dheireadh seachtaine na Féile, ó shuíomh na leithris go cá leagfaidh tú uait an bruscar go freagrach…

Láithreáin Leithris

Ionad an Chuain/ Caladh Carlisle/ Ardán Haigh/os comhair An Chalaidh Thoir/ An Pháirc Phoiblí/ Plásóg Baile Nua An Ghabha

Leithris Mhíchumais

Ionad an Chuain/ Caladh Carlisle/ Ardán Haigh/os comhair An Chalaidh Thoir/ An Pháirc Phoiblí/ Plásóg Baile Nua An Ghabha

Athchúrsáil

Oibríonn an Féile go dian le smacht a choimeád ar bhruscar i gcaitheamh an deireadh seachtaine. Tá gá againn le tacaíocht uaitse,áfach. Agus diúscairt dhrámhaíle 250,000 duine sa tmpeall, is mór an rud é Dún Laoghaire a choimeád néata a ghlacadh ort féin.Tacaigh linn san iarracht againn drámhaíl a laghdú. Iarrtar ort,le do thoil, gan bruscar a fhágáil I do dhiaidh riamh. Mura bhfuil bosca bruscair in aice leat, nó má tá an ceann is gaire dhuit lán, coimeád do bhruscar, le do thiol, go bhfeicfidh tú ceann- cuirtear boscaí bruscair athchúrsála ar fáil, bí freagrach agus úsáid iad.

Léarscáileanna Suíomha

Ag na bothanna eolais ,beidh léarscáileanna suíomha ar taispeáint le cabhrú leat taithí a chur ar na láithreáin éagsúla le gach eolas riachtanach orthu maraon le clár laethúil le gach sonra orthu.

Rochtain Chathaoir Rothach

Déanann an Féile gach iarracht ar rochtain chathaoir rothach a chur ar fáil. Tá srianta áirithe i láthair, áfach atá taobh amuigh de chumas na Féile. Tabhair faoi deara, le do thoil go bhfuil bealach isteach srianta ar ‘Coast’ ag an ‘Purty Kitchen’ (thuas staighre).Tá tuilleadh eolais ar fáil ach glaoch ar:012843576.


Seirbhísí Éigeandála

Gardaí
Stáisiún na nGardaí, Ascal na Carraige, Dún Laoghaire, Co. Bhaile Átha Cliath

Ospidéal
Naomh Mhichíl , Sráid Sheoirse, Dún Laoghaire, Co. Bhaile Átha Cliath
T: 01 – 280 6901

Ospidéal
Baile Lachnainn, Co. Bhaile Átha Cliath
T: 01 - 282 5800

Garda an Chósta
Dún Laoghaire
T: 01 - 280 4752

Dulta Amú?

Sa chás go mbíonn duine caillte nó dulta amú ní mór ball d’fhoireann na Féile a chur ar an eolas. I measc 500 ionadaithe na Féile tá treirithe, slándál, agus éagsúlacht fairsing de chriú imeachta agus léirithe a bhfuil treenail agus an fearas cuí acu le deileáil lena leithéid de tharlúint.