Fáilte go dtí Féile na gCultúr Domhanda 2009
Cuireann Cathaoirleach, Comhairleoirí agus Bainisteoir Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin fíorchaoin fáilte romhat go Dún Laoghaire chuig Féile na gCultúr Domhanda 2009.
Maidir leis an bhFéile
Tá a háit speisialta féin greanta ag an ócáid seo, Féile na gCultúr Domhanda, ar chúrsa na bhféilte domhanda agus is í an ócáid idirchultúrtha is mó chun cinn in Éirinn í. Ócáid í ina mbíonn ealaíontóirí as 80 tír páirteach i mbreis is 150 imeacht i 40 ionad.
Tá borradh ag teacht go rialta faoin bhFéile ón mbliain 2001 i leith agus baineann os cionn 230,000 duine taitneamh aisti anois. Clár éagsúil fairsing atá ann – ceol, amharclann sráide, damhsa, club na féile san oíche, margaí, taispeántais, cainteanna, ceardlanna agus imeachtaí do pháistí.
Tá aonach faoi fheasacht ar an gcomhshaol, margadh bianna idirnáisiúnta, ceardlanna uathúla, ceolchoirmeacha saor in aisce faoin aer, ócáidí don teaghlach agus cóisirí iomadúla deireanach san oíche ar chlár fhéile dhomhanda 72 uair an chloig na bliana seo chomh maith. Deis inti féin í an Fhéile seo chun taisteal mórthimpeall an domhain gan cos a chur thar thránna Dhún Laoghaire.
Is iomaí ócáid a mbeidh sásamh le baint astu taobh istigh agus taobh amuigh agus má theastaíonn uait taithí chultúrtha den scoth a bheith agat níl le déanamh ach a chinntiú go mbeidh suíochán agat chun tosaigh. Is tearc áit i nDún Laoghaire nach mbeidh ceol go haer ann idir amharclanna, óstáin, hallaí agus ardáin amuigh faoin aer.
An Oifig Ealaíon
Tá Oifig Ealaíona na Comhairle tiomanta clár ealaíon agus cultúir d‘ardchaighdeán a leagan amach agus léiríonn sí raon spleodrach d’fhéilte, de thaispeántais, de léirithe agus de thionscnaimh lena n-áirítear Féile na gCultúr Domhanda, Féile Filíochta Dhún Laoghaire – Ráth an Dúin ‘Poetry Now’, Féile Rince na nÓg, Taispeántas na nAmharcealaíon ar an tSlí Dála, Clár Cónaitheachta na nEalaíontóirí, an Clár ‘Ealaíontóirí i Scoileanna’, Bailiúchán Contae agus an tsraith de Cheolchoirmeacha sna Tithe Móra.
Ghlac an Oifig Ealaíon cúram bainistíochta an Grainstore, Cábán tSíle, uirthi féin i Meán Fómhair 2008 agus chuir sí tús le clár oibreacha chun an foirgneamh a athfhorbairt mar shaoráid ealaíon don óige don Chontae.
Áirítear an clár ealaíne poiblí ‘Áit agus Céannacht ’ a chur ar siúl i ngach ceann de na sé thoghcheantar ar ghnóthachtálacha eile sa bhliain 2008.
Imeachtaí DLR
Eagraítear líon áirithe imeachtaí saor in aisce lena n-áirítear Lá Spionnaidh Teaghlaigh, Picnic na mBéiríní, Taechóisir na nDreoilíní, scannáin faoin aer, Samhain, Píosaí Ceoil Ceolfhoirneacha sa Pháirc agus féile shoilse na Nollag.
Bí freagrach – Tacaigh linn, le do thoil , agus tabhair aird ar na nithe seo a leanas:
Deochanna Meisciúla
Tá fodhlíthe i bhfeidhm sa chontae a choscann deochanna meisciúla a ól ar láithreáin gan cheadúnas agus beidh na Gardaí Síochána agus eagraithe na Féile san airdeall chun a dheimhniu go gcloífear leis na rialacha sin. I measc na n-ionad sin tá: An Príomhardán i mBaile Nua Mhic Gabhann, Páirc an Phobail, Plás an Chalafoirt agus An Caladh Thoir. Ní cheadaítear deochanna meisciúla a ól ar an tsráid ach an oiread.
Iompraíocht ‘Frithshóisialta’
Ná bí glórach ná clamprach, le do thoil. Bí tuisceanach agus tú ag tabhairt aghaidh abhaile tar éis scléíp na hoíche. Ní rachaidh gleo agus torann go mall san oíche (cuma cén spraoi atá á bhaint agat astu) chun tairbhe na Féile. Ná dearmad gur baile cónaithe atá i nDún Laoghaire agus go gcuirfidh iompar frithshóisialta todhchaí na féile i mbaol.
Athchúrsáil agus Bruscar
Oibríonn an Féile go dian le smacht a choimeád ar bhruscar i gcaitheamh na deireadh seachtaine. Tá gá againn le tacaíocht ón bpobal, áfach. Ní beag an rud é Dún Laoghaire a choinneáil glan le linn deireadh seachtaine na féile agus 230,000 cuairteoir ar an mbaile. Tacaigh linn chun an drámhaíl a laghdú. Ná caith bruscar uait. Úsáid na boscaí bruscair a bheidh ar fáil.
Trádáil Mhídhleathach
Tabhair faoi deara, le do thoil go bhfuil sé in aghaidh an dlí a bheith ag trádáil nó a bheith ag déanamh ceoil ar an tsráid i rith na féile gan cheadúnas. Tá tuilleadh eolais le fáil ach cuairt a thabhairt ar Margaí/ Trádálaithe nó Ceoltóirí Sráide
An Ród Glas
Bí aireach i leith na timpeallachta. Ba mhaith le Féile na gCultúr Domhanda daoine a spreagadh le theacht chuig an bhFéile ar bhealach a fheabhsaíonn rochtain do chách agus a chuidíonn chun an comhshaol a chosaint. Beidh fáil go héasca ar chóras iompair phoiblí éifeachtach idir bhusanna agus thraenacha agus cuirfidh Bus Átha Cliath seirbhísí ‘nasc oíche’ ar fáil go mall san oíche. Féach sceideal na seirbhísí ar shuíomh idirlinn Bhus Átha Cliath.
TREOIR
Oifig na dTicéad
Tá ticéid le haghaidh na gceolchoirmeacha, na gceardlanna agus na n-imeachtaí éagsúla eile le fáil ar líne, trí ghlaoch ar 01-231 2929, nó trí bualadh isteach ag Oifig na dTicéad in Amharclann an Pavilion ag na dátaí agus na hamanna seo a leanas:
Luan 24 – Deardaoin 26 Lúnasa idir 10.r.n. – 9.00 i.n.
de hAoine 25 – Domhnach 30 Lúnasa idir 10.00 r.n. – 6.00 i.n.
Bothanna Eolais
Beidh raidhse bothanna eolais ar an mbaile le linn na deireadh seachtaine. Déanfaimid ár seacht ndícheall gach ceist idir shúgradh agus dáiríre a fhreagairt. Beidh na bothanna suite sna háiteanna seo a leanas Halla an Chontae, Amharclann an Pavilion, Páirc an Phobail, Baile Nua Mhic Gabhann.
Díol Earraí
Tabhair cuid den Fhéile abhaile leat! Beidh t-léinte (eagrán teoranta) ar díol ó ionaid éagsúla timpeall ar Dhún Laoghaire i rith dheireadh seachtaine na Féile. Bíonn an-díol orthu agus, mar sin, ná caill do sheans lámh a leagan ar fhíor-chuimhneachán na Féile.
Leithris
Beidh leithris phoiblí ag na háiteanna seo a leanas: Plás an Chalafoirt, Caladh Carlisle, Ardán Haigh, os comhair An Chalaidh Thoir, Páirc an Phobail, Baile Nua Mhic Gabhann.
Leithris Do Dhaoine faoi Mhíchumas
Beidh Leithris do Dhaoine faoi Mhíchumas ins na háiteanna seo a leanas: Plás an Chalafoirt, Caladh Carlisle, Ardán Haigh, os comhair An Chalaidh Thoir, Páirc an Phobail, Baile Nua Mhic Gabhann.
Cathaoireacha Rothaí
Déanann an Féile gach iarracht freastal ar dhaoine atá i gcathaoireacha rothaí. Tá roinnt áiteanna áfach nach bhfuil aon smacht ar lucht na Féile orthu. Tabhair faoi deara, le do thoil, nach bhfuil bealach isteach ag cathaoireahca rothaí go dtí an ‘Loft’ san ‘Purty Kitchen’ (thuas staighre). Tá tuilleadh eolais ar fáil ach glaoch ar 01 2843576.
Seirbhísí Éigeandála
An Garda Síochána
Stáisiún na nGardaí, Ascal na Carraige, Dún Laoghaire, Co. Bhaile Átha Cliath
T.: 01 6665000
Ospidéil
Ospidéál Naomh Michíl , Sráid Sheoirse Íocht., Dún Laoghaire, Co. Bhaile Átha Cliath
T: 01 280 6901
Ospidéal Bhaile Uí Lachnáin, Co. Bhaile Átha Cliath
T: 01 282 5800
Gardaí Cósta na hÉireann
Dún Laoghaire
T: 01 – 280 4752